The necessity of Irish Cinema and Earnán de Blaghd
A brief post to emphasise the necessity of saving the Pálás.
Establishing a scannanaíocht gaelach
The following is a short essay written in 1942 by Earnán de Blaghd (or Ernest Blythe) on the necessity of establishing a wholly nationalised ‘Irish-Ireland’ cinema in this country. In eerily relevant terms for today, de Blaghd stresses the importance of having cultural independence of mind, and makes the point that all the armies and political sovereignty in the world are meaningless if the minds of the people have been occupied (‘má leigimíd d'fhórsaí cultúrdha eachtrannacha teacht isteach gan chosc gan teora, agus mearathal a chur ar aigne na ndaoine’) by global American films and media.
For de Blaghd the solution to this crisis is simple, establishing a modern, well-funded Gaelicised cinema industry: ‘Níl leigheas ar bith ar an scéal ach tionnscal scannánuíochta do bhunú annseo dhúinn féin.’ Despite being an Orangist, Free Stater and supporter of austerity, de Blaghd’s commitment to the Arts and culturalism could never be questioned–his longstanding career in the Abbey Theatre is a prime example of this.
For those still interested in revival of intellectual and cultural life in Ireland, this is a must read, as de Blaghd’s insights are still wholly relevant today, when one thinks of a our wholly de-Gaelicised film industry, as in the horrendous recent closure of the Pálás cinema i nGaillimh.
Gádh le Scannánuíocht
EARNÁN DE BLAGHD
(Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach)
TÁ ana-chuid airgid ghá chaitheamh ag an Stát seo ar an Arm agus ar sheirbísí taidhleoireachta d'fhonn ceart agus neamhspleádhachas na h-Éireann a chosaint. Nílim ghá rádh nach bhfuil, nó nach mbeidh, gádh againn le saighdiuirí agus le taidhleoirí. B'amaideach an mhaise dhom aon nidh dá short a dhéanamh. Ach deirim nách aon mhaith bheith ag snadhmadh caradais le náisiúin eile ná ag tréineáil fhórsaí míleata le cur i gcoinnibh airm allmhuraigh ar bith a bhéadh ag iarraidh teacht isteach sa' duthaigh seo, má leigimíd d'fhórsaí cultúrdha eachtrannacha teacht isteach gan chosc gan teora, agus mearathal a chur ar aigne na ndaoine i dtreo is gur gairid go dtí nach n-aithneochaid Gaedhealach thar Gallda, go dtí nach bhfaighaid, sa' deire thiar, blas ar aon rud dúthchasach agus nach mbeidh a fhios aca gur fiú náisiúntacht na h-Eireann a choimeád beo. Le deich mbliana, nó mar sin, anuas tá na pictiúirí cainnteacha ghá dtaisbeáint san uile áird agus táid ag dul i bhfeidhm go láidir ar an aos óg ghá nGalldú mar nár Gallduíodh aon ghlún daoine in Eirinn riamh roimis seo.
Ní h-aon mhaith bheith ag tathaint ar an pbobal na pictiúiri do sheachaint nó ag athchuinghe ar an Rialtas gan iad a leigint isteach sa' dúthaigh in aon-chor.
Tá muintir gach tíre ar domhan go cíocrach chun scannáin d'fheiscint agus ní bheadh muintir na h-Eireann sásta bheith ar nós éin chuideáin n-a measc. Níl leigheas ar bith ar an scéal ach tionnscal scannánuíochta do bhunú annseo dhúinn féin.
D'fhéadfadh tionnscal scannánuíochta, dá mbéadh a leithéid againn, dhá rud a dhéanamh leis an obair mhillteach a bhionn siúl ins a leithéid na pictiúrlanna gach trathnóna do chosc. D'fhéadfadh sé pictiúirí Gaedhealacha agus Gall-Ghaelacha do sholáthar i dtreo is go bhfeicfí le linn gach teaisbeántais scannán, pictiúír agus, béidir, dhá phictiúir a déanfi in Eirinn agus n-a mbéadh scéal a bhainfeadh le saol na tíre seo. D'fhéadfadh sé, n-a theannta sin, eamhnadh (nó dúbláil) a dhéanamh ar phictiúirí eachtrannacha go mór-mhór ar dtúis ar phictiúirí a rinneadh i dteangthacha seachas an Béarla. Dá ndéanfi (tar éis an chogaidh) gach pictiúir fónta do b'fhéidir d'fháil ó'n Iodáil, ó'n nGearmáin, ó'n bhFrainnc, ó’n Rúis, ó’n Ollóind, agus ó’n Séac-shlóbhaic d'eamhnadh agus Béarla nó Gaedhilg a chur i mbéal na gcarachtaer, ni bheimis taobh le Sasana agus leis na Stáit Aontuithe agus le n-a gcuid ealadhlanna sin a thuille le pictiúirí a choimeád linn.
Dá mbéadh go leor pictiuiri eamhnta le fáil, b'fhuiriste dhúinn gan leigint do níos mó nà, abair, an ceathrú cuid de na pictiúirí allmhúracha a taisbeánfi ‘sa’ dúthaigh seo teacht ó thíortha an Bhéarla, ó sé a gcultúr sin is mó atá ag bagairt orainn.
'San Iodáil, i láthair na h-uaire, ní leigtear aon scannán cainn- teach eachtrannach a thaisbeáint gan é eamhnadh. Gidh go gcaithfidh Rialtas na h-Eireann scannáin Bhéarla do cheadú go ceann tamaill mhóir eile, ba mhaith an scéim é i gceann roinnt bhlian aithris a dhéanamh ar dhlí na h-Iodáile, agus a erdú gach pictiuir iomportálfí d'eamhnadh. D'fhágfadh sé sin nach mbeadh ach leaganacha Gaedhilge le cloisint de na pictiúirí ó Shasana agus ó Mheirice, gidh go mbéadh leaganacha Béarla le cloisint, an fhaid ba ghádh e, de na pictiúirí ó Roinn na h-Eorpa. Ni féidir pictiúirí Gaedhealacha ar bith do sholáthar ná puinn pictiúirí eamhnta, mura mbunófar tionnscal scannanuíochta sa' tir seo. Agus mura mbíonn an dá shórt pictúirí sin ar fáil go flúirseach, ní buan do'n Ghaedhilg ná do'n naisiúntacht.
Ní chosnóchadh sé thar £100,000 púnt sa bhliain do'n Stát agus do'n phobal tionnscal fónta scannánuíochta do choimeád ar siúl. Do b'fhéidir an méid sin a bhaint de chostas an Airm agus de chostas na dtaidhleoiri (dá mba ghadh sin) gan aon dochar a dhéanamh. Rud eile, bhéarfadh tionnscal scannánuíochta níos mó fostuíochta in Eirinn agus stopfadh sé níos mó airgid ó dhul amach as an tír ná mar dheineann roinnt tionnscal eile a chuireann muirighean is mó ná £100,000 sa bhliain ar an bpobal, idir chánacha agus phraghaiseanna breise.